Foireann Teagaisc na Scoile ~ 2000-2001

Ar an Aoine an 13/10/2000 d'éirigh Bríd Bean Uí Dhonncha (2ra duine ar chlé sa phictiúir thíos) as a post múinteoireachta sa scoil. Tháinig sí chun na scoile sa bhliain 1970 nuair a déanadh cónascadh idir Scoil Bhríde na Minna, a bhí ina scoil aon oide ag an am, agus Scoil Cholmcille na Tulaí. Tháinig dhá dhalta déag anoir as na Minna le Bean Uí Dhonncha.

Ba í Bríd Bleasdale a ceapadh in áit Bhríd Uí Dhonncha agus ghlac Yvonne Ní Laife a bhí ag múineadh Ranganna 1& 2 post Bhríde mar chó-ordnóir ar an scéim "Breaking the Cycle".

Ceapadh Tríona Breathnach mar mhúinteoir sealadach in ionad Yvonne.

Ó Chlé: Yvonne Ní Laife, Bríd Uí Dhonncha, Séamus Ó Conghaile (Príomh Oide), Fil Uí Dhubhghaill, Bríd Bleasdale.

Múinteoirí eile a fhreastalaíonn ar an scoil:
Sinéad Ní Fhlatharta (Múinteoir Feabhais)
Úna de Cléir (Múinteoir Tacaíochta)
Ann Ó Domhnaill (Múinteoir Ealaíne)
Tomás Ó Catháin (Múinteoir Feadóige)
Pauline Breathnach (Cúntóir Ranga)
Áine Uí Fhinneadha (Múinteoir Teangan)

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, An tAth. Mícheál Ó Flannabhra ag bronnadh dearbhán taistil ar Bhríd Bn. Uí Dhonncha mar chomartha buíochais ar a cuid oibre sa scoil.

 

 

 

 

Yvonne Ní Laife ag glacadh bláthanna nuair a d'aistrigh sí ó bheith ina múinteoir ranga go dtí co-ordnóir ar an scéim "Breaking the Cycle"Sa phictiúr freisin tá Úna de Cléir (Múinteoir Tacaíochta), Sinéad Ní Fhlatharta (Múinteoir Feabhais) agus Bríd Bleasdale.

 

  Abhaile!